scoilneasain.ie YouTube Picasa n1 n2 r1 r2 r3 r4 r5 Inis Oírr r6

Monday 15 December 2014

An Ospais

Chuaigh rang a 6 ar fad agus ceoltóiri ó rang a 5 go dti an Ospais ag canadh carúil Nollag inniu i ndiaidh na scoile. Chan siad go hálainn agus bhí na daoine san Ospais an-bhuíoch dóibh. Míle buíochas le Seán agus Fidlema a tháinig linn, agus a chuir go mór leis an lá! 






Thursday 27 November 2014

Cniotáil Rang a 6

Tá rang a 6 ar fad ag tabhairt faoi chniotáil, le cabhair ón saineolaí Múinteoir Bríd! Bhí Muinteoir Brid, Muinteoir Máire agus Máire an Rúnaí istigh ag cabhrú linn inniu, agus bhí na páistí an-mhaith ag cabhrú lena chéile. Míle Buíochas do Bhríd as an réamhobair ar fad a dhéananamh agus gach duine a stiúradh! 




























Scratch, obair ar na ríomhairí le Múinteoir Bríd.